|
le Cathal Ó Searcaigh |
|
Dumhach Trá Tá sé ag siúil na gcladach gach lá ag bailiú rúin geasa agus diamfra ó na hÍomhanna a thig chuige ó bhéal na trá. Tá sé amuigh ansiúd ag baint sásaimh as na reanna liatha, as na himeollchríochanna, atá ag síneadh idir an saol agus an tsíoraíocht. Tá sé ag comhrá lena chairde i dteanga na crimseata; an líne díreach dearfa a shiúlann leis an tslí; an ciorcal machnamhac súilfhoscailte, an chearnóg a thugann cothrom na féinne do gach Taobh. Tá sé ag cuir coiriú ceoil ar dhathanna Dhumhach Trá; ag déanamh aria mallghluaiste den ghlas; allegro con brio den ghorm; agus rondo mórchríoch don bhuí... |
Sandymount Strand He is walking by the shore every day gathering secret knowledge and mysteries from the images that come to him from the lips of the strand. He is out yonder taking pleasure from the grey forelands, from the brink of the promontories that are stretching out between life and eternity. He is conversing with his friends in the language of geometry; the direct line, they say, that goes with him along the way; the wide-eyed reflective circle, the square that gives fair play to every side. He is laying a musical arrangement on the colours of Sandymount Strand; making a slow-moving aria of the green; an allegro con brio of the blue; and a full-hearted rondo of the yellow... Trans: Sonja Mc Garr |
![]() Foreland ©1999 acrylic/mixed media/canvas, 210x210cms |
Cnoc Fola Anseo tá clagarnach claíomh le cluinstean I ngaoth pholltach na Rinne ag tógail bruíne Anseo tá blaoscanna cinn carnaithe ina gclocha duirlinge i gcladaigh agus i gcuibhrinn. Anseo tá fuil na gréine smeartha ar bhéal an tráthnóna ó Thoraigh go Gabhla. Anseo is doiligh d'ealaíontóir éaló ó láthair an chatha, ó lorg an áir a tharla fadó Anseo scréachann cneá dhearg na staire as a canbhás |